I bhfeidhm Lúnasa 2022
Go raibh maith agat as páirt a ghlacadh i Seirbhís seachadta dróin Wing. Tá an tSeirbhís á déanamh ag Wing Aviation LLC, lonnaithe in 3400 Hillview Avenue Building 4, Palo Alto CA 94034-1319 SAM, Uimhir aitheantais. 82-4572513, (le chéile lena chleamhnaithe, “Wing”). Úsáideann an tSeirbhís aerfheithiclí gan foireann[a][b][c][d] (dróin) chun bia agus táirgí eile a sheachadadh (“Táirgí”) a dhíolann ár gcomhpháirtithe díoltóra leat trínár n-aip mhóibíleach Wing (an “tSeirbhís”).
Agus “Téarmaí Seirbhíse” á rá againn, is éard atá i gceist againn ná na Téarmaí agus Coinníollacha Seirbhíse seo.
Deir tú go bhfuil tú 18 mbliana d'aois ar a laghad agus in ann páirt a ghlacadh i gcomhaontú faoi cheangal dlí thar do cheann féin.
Tríd an gcnaipe “Aontaím” a chliceáil san aip mhóibíleach Wing, aontaíonn tú le Téarmaí agus Coinníollacha na Seirbhíse, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
1. Foirceannadh. Tá an rannpháirtíocht sa tSeirbhís seo roghnach go hiomlán agus is féidir leat deireadh a chur le do rannpháirtíocht ag am ar bith tríd an aip mhóibíleach Wing a scriosadh (an “Aip”). A mhéad a fhoráiltear leis an dlí, is féidir le Wing an tSeirbhís nó do rannpháirtíocht sa tSeirbhís a fhoirceannadh ag am ar bith ar chúis ar bith nó gan fógra duit. Agus foirceannadh curtha i bhfeidhm ag aon pháirtí, cuirfear deireadh leis na Téarmaí Seirbhíse seo, ach beidh forálacha áirithe na dTéarmaí Seirbhíse fós i bhfeidhm i ndiaidh an fhoirceanta de réir mar a leagtar síos sa rannán “Marthanacht” anseo.
2. Sábháilteacht Dróin. Aontaíonn tú bacainní a ghlanadh as do limistéar seachadta roimh an seachadadh. Aontaíonn tú gur féidir linn dróin a eitilt gar duit agus aontaíonn tú go gcomhlíonfaidh tú gach treoir, riail agus riachtanas sábháilteachta arna sholáthar ag Wing duit, lena n-áirítear aon treoir, riail agus riachtanas arna sholáthar tríd an Aip Wing. Aontaíonn go bhfanfaidh tú 2 mhéadar ar a laghad ón drón agus ón limistéar seachadta i rith an tseachadta. Aontaíonn tú nach leagfaidh tú lámh ar an bpacáiste go dtí go mbeidh sé scaoilte ón drón agus an drón imithe ón limistéar.
3. Cumarsáid le Wing. Ionas gur féidir linn tú a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn do sheachadta nó na Seirbhíse go ginearálta, seans go mbeidh orainn teagmháil a dhéanamh leat ó am go ham. Seans go ndéanfaidh Wing (nó a chonraitheoirí) teagmháil leat (trí ghlao gutháin, ríomhphost, cuairt duine le duine, srl.) maidir leis an tSeirbhís. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann Wing ag support-ie@wing.com ag am ar bith le ceist ar bith a d'fhéadfadh a bheith agat.
4. Rochtain. Chun Táirgí a sheachadadh, beidh rochtain ag teastáil ó dhróin Wing ar d'áitreabh nó ar an áitreabh arna ainmniú i d'ordú. Tugann tú cead go sainráite do Wing dróin a eitilt agus a fhaoileáil thar d'áitreabh chun an Táirge a sheachadadh. Seans go mbeidh ar Wing agus/nó a chonraitheoirí rochtain a fháil ar d'áitreabh ó am go ham chun an tSeirbhís a dhéanamh. Déanfaimid teagmháil leat roimh ré má bhíonn rochtain uainn ar d'áitreabh agus, ar ndóigh, is féidir leat diúltú an rochtain sin a thabhairt.
5. Ár mBarántaí agus Séantaí. Déanaimid an tSeirbhís a chur ar fáil le leibhéal réasúnta scile agus cúraim. SEACHAS MAR A LEAGTAR AMACH GO SOILÉIR SNA TÉARMAÍ SEIRBHÍSE, SÉANANN WING GACH BARÁNTA A MHÉAD A CHEADAÍTEAR DE RÉIR AN DLÍ, LENA nÁIRÍTEAR IAD SIÚD ATÁ INTUIGTHE DE RÉIR DLÍ AMHAIL AN BARÁNTA INTUIGTHE INDÍOLTACHA, FEILIÚNACHT CHUN CRÍOCH ÁIRITHE AGUS NEAMHSHÁRÚ. NÍ BHEIDH FEIDHM AG AON RUD SNA TÉARMAÍ SEO AR DO CHEARTA REACHTÚLA.
6. Ráiteas Príobháideachais na Seirbhíse. Bímid an-dáiríre faoi do phríobháideachas. Úsáidtear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú do Wing maidir leis an tSeirbhís (amhail, mar shampla, ainm, seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin, seoladh, faisnéis faoi d'áitreabh agus sonraí ordaithe Táirge), agus na sonraí arna mbailiú le linn fheidhmiú na ndrón (a bhféadfadh sonraí pearsanta a áireamh leo) i gcomhréir le Polasaí Príobháideachais Wing agus forálacha na dTéarmaí agus Coinníollacha Seirbhíse seo.
7. Orduithe agus Seachadtaí. Tríd an Aip, beidh tú in ann Táirgí a ordú agus a cheannach a thairgeann ár gcomhpháirtithe díoltóra. Is iad na díoltóirí a dhíolann na Táirgí go díreach. Déanfaidh Wing na Táirgí a sheachadadh ansin duit trí dhrón. Tá na Táirgí go léir arna léiriú ar an Aip faoi réir infhaighteachta. Má bhíonn ailléirgí bia ort nó má bhíonn ceisteanna eile agat maidir le Táirge, déan teagmháil leis an díoltóir díola go díreach chun a fháil amach cé acu atá Táirge feiliúnach duit nó nach bhfuil. Ní ullmhaíonn Wing ná ní ghlacann sé freagracht as aon Táirge arna dhíol ag ár gcomhpháirtithe díoltóra. Is ar ár gcomhpháirtithe díoltóra amháin a bheidh an fhreagracht as cruinneas aon fhaisnéise bia.
a. Infhaighteacht an Chórais. Seans go mbeidh na hamanna seachadta éagsúil agus seans go mbeidh an córas thíos ag amanna áirithe. Seans nach mbeimid in ann glacadh le hordú ná é a sheachadadh de bharr infhaighteacht Aipe nó infhaighteacht drón seachadta. Níl ráthaíocht ann maidir le haon am measta teachta ná seachadta a sholáthraíonn Wing, agus ní dhéanaimid aon léiriú ná baránta maidir le hinfhaighteacht.
b. Polasaí Aisíocaíochta agus Earraí ar Ais. Mura bhfuil tú sásta le d'eispéireas seachadta, déan teagmháil linn ag Wing. Is iad na díoltóirí díola a shocraíonn na polasaithe aisíocaíochta agus earraí ar ais le haghaidh na dTáirgí. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Wing nó an díoltóir díola go díreach más mian leat tús a chur le hearra a sheoladh ar ais nó aisíocaíocht a fháil ar do Tháirge.
c. Praghsanna Táirgí agus Táillí Bainteacha. Seans go mbeidh praghsanna táirgí agus táillí infheidhme (amhail cánacha agus táillí eile a d'fhéadadh an díoltóir a ghearradh, amhail airgead síos do bhuidéil nó táillí dramhthrealaimh leictreonaigh) éagsúil agus taispeánfar iad duit (faoi réir alt f thíos) sa phróiseas seiceáil amach san Aip. Socraíonn na díoltóirí díola na praghsanna agus ní chuimsítear iontu aon táille sheachadta.
d. Táillí Seachadta. Socraíonn Wing táillí seachadta agus taispeánfar iad duit le linn an phróisis seiceáil amach san Aip.
e. Íocaíocht. Trí chárta creidmheasa a sholáthar (nó modh íocaíochta eile arna ghlacadh ag an Aip), ionadaíonn tú agus barántaíonn tú go bhfuil tú údaraithe an modh íocaíochta ainmnithe sin a úsáid agus go n-údaraíonn tú dúinn, don díoltóir díola, agus dár bpróiseálaí íocaíochta tríú páirtí táille a ghearradh ar do mhodh íocaíochta as méid iomlán d'ordaithe (lena n-áirítear aon cháin infheidhme agus táillí eile) agus táille/táillí seachadta. Mura féidir an modh íocaíochta a sholáthair tú a fhíorú, má tá sé neamhbhailí nó mura bhfuil sé inghlactha ar chúis eile, seans go ndéanfar d'ordú a chur ar fionraí nó a chealú. Ní mór duit aon fhadhb a dtagaimid uirthi a réiteach chun leanúint ar aghaidh le d'ordú. I gcás gur mhaith leat an fhaisnéis íocaíochta a athrú nó a nuashonrú a bhaineann le do chuntas, is féidir leat an méid sin a dhéanamh ag am ar bith trí logáil isteach ar do chuntas agus d'fhaisnéis íocaíochta a chur in eagar.
f. Teideal, Cánacha Díolacháin Measta agus Deiridh. Is ionann díolacháin tríd an Aip agus díolacháin ar líne agus déantar iad a phróiseáil mar idirbhearta ar líne. Gheobhaidh tú admháil leictreonach maidir le d'ordú. Ní ghlacann Wing aon teideal le haghaidh aon Táirge a ordaíonn tú tríd an Aip. Seachas sin, aistreofar an teideal le haghaidh gach Táirge a cheannaíonn tú go díreach ón díoltóir chugatsa a luaithe a bheidh an Táirge seachadta duitse. Déanfar an cháin díolacháin a ríomh tráth a n-aistreofar an teideal chugatsa. Seans go léireoidh an Aip cánacha measta ar do cheannachán duitse ar líne le linn an phróisis ceannacháin; taispeánfar ar d'admháil deiridh an cháin díola deiridh arna ríomh, áfach. Is ar an díoltóir amháin atá an fhreagracht as ríomh na cánach díola agus as Wing a chur ar an eolas maidir le cá mhéad cáin díola is cóir a bhailiú ar gach ordú. Baileoidh Wing an méid a cuireadh in iúl dó uait thar ceann an díoltóra agus seolfar an t-airgead sin chuig an díoltóir.
g. Barántaí Táirge agus Seachadta.
DÉANTAR NA TÁIRGÍ ARNA gCEANNACH TRÍD AN AIP A DHÍOL AGUS A SHEACHADADH DUIT "MAR ATÁ" AGUS "LE GACH LOCHT". NÍ DHÉANANN WING NÁ NA DÍOLTÓIRÍ A DHÍOLANN NA TÁIRGÍ TRÍD AN AIP WING AON BHARÁNTA NÁ GEALLÚINT MAIDIR LEIS NA TÁIRGÍ NÓ AN TÁIRGE. DÉANTAR FORÁIL LE hAGHAIDH BARÁNTAÍ ÁIRITHE I nDLÍNSÍ ÁIRITHE, AMHAIL BARÁNTA INTUIGTHE NA hINDÍOLTACHTA, FEILIÚNACHT CHUN CRÍOCH ÁIRITHE AGUS NEAMHSHÁRÚ. A MHÉAD A CHEADAÍTEAR LEIS AN DLÍ, EISÍONN AGUS SÉANANN WING (AGUS NA DÍOLTÓIRÍ) GACH BARÁNTA, AGUS, A MHÉAD A CHEADAÍTEAR LEIS AN DLÍ, EISÍONN AGUS SÉANANN WING (AGUS NA DÍOLTÓIRÍ) CHOMH MAITH AON RÉITEACH, DAMÁISTE NÓ CAILLTEANAS AIRGEADAIS, AGUS RÉITIGH IONADAITHE, LAGHDÚ AR LUACH EARRA, DAMÁISTÍ INDÍREACHA, SPEISIALTA, IARMHARTACHA NÓ EISEAMLÁIREACHA SAN ÁIREAMH.
A mhéad atá cosc de réir an dlí ar an teorannú ar dhliteanas thuas, tá uasdliteanas Wing agus na ndíoltóirí duit teoranta, a mhéad a cheadaítear leis an dlí riachtanach infheidhme, do phraghas ceannacháin na dTáirgí a cheannaigh tú ar cúis leis an dliteanas iad.
Ní chuimsíonn an teorannú ar dhliteanas thuas ná ní chuireann sé teorainn ar aon bhealach ar dhliteanas Wing ná na ndíoltóirí i leith aon ábhar a bheadh sé mídhleathach dúinn nó dóibh a eisiamh, nó iarracht a dhéanamh déanamh amhlaidh, lena n-áirítear ráthaíochtaí reachtúla tomhaltóra de réir Dhlí Tomhaltóra na hÉireann.
8. Úsáid na Seirbhíse. Aontaíonn tú go n-úsáidfidh tú an tSeirbhís chun na gcríoch amháin atá ceadaithe ag (i) na Téarmaí Seirbhíse seo agus (b) aon dlí nó rialachán infheidhme. Ciallaíonn sé sin nach n-úsáidfidh tú an tSeirbhís seo ach amháin chun Táirgí a ordú lena seachadadh chuig do limistéar seachadta agus úsáid a bhaint as gnéithe san Aip tríd an gcomhéadan a sholáthraíonn Wing. Ní úsáidfidh tú an tSeirbhís chun aon iompar mídhleathach a dhéanamh ná chun ciapadh, núis, cur isteach nó míchaoithiúlacht a dhéanamh do Wing, a úsáideoirí ná aon duine eile.
Chun ár Seirbhís a úsáid, beidh ort cuntas a chlárú nó a chruthú. Agus tú á dhéanamh sin, déanfaidh tú faisnéis chruinn a sholáthar dúinn, sinn a chur ar an eolas go tapa maidir le haon athrú ar an bhfaisnéis den chineál sin agus an cruthúnas aitheantais a sholáthar dúinn a fhéadaimid a iarraidh go réasúnta. Aontaíonn tú go gcoinneoidh tú do phasfhocal cuntais slán agus rúnda nó aon fhaisnéis phearsanta chuntais eile a dhéanaimid a sholáthar duit a cheadaíonn rochtain ar an tSeirbhís. Tuigeann tú má dhéanann tú teagmháil linn trí theachtaireachtaí téacs SMS go mbeidh gnáth-tháillí i bhfeidhm.
Aontaíonn tú chomh maith an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
a. Ní dhéanfaidh tú iarracht aon rochtain neamhúdaraithe a fháil ar aon chuid den Aip, suíomh gréasáin agus/nó aon seirbhís, cuntas, acmhainn, córas ríomhaire agus/nó líonra atá ceangailte le haon fhreastalaí a úsáideann Wing. Ní dhéanfaidh tú iarracht rochtain a fháil ar an tSeirbhís ach tríd an gcomhéadan a sholáthraíonn Wing duit.
b. Ní dhéanfaidh tú aon ghníomhaíocht a chuireann isteach ar nó a chuireann as don tSeirbhís (nó na freastalaithe agus líonraí atá ceangailte leis an tSeirbhís).
c. Ní dhéanfaidh tú aon ábhar a chóipeáil, a atáirgeadh, a chur i dtoll a chéile, a fhoilsiú, a dháileadh ná a dhíol ar aip nó suíomh gréasáin Wing ná ar aon chomhéadan eile Wing, lena n-áirítear íomhánna nó cur síos ar Tháirgí, ach gan bheith teoranta dóibh, ach amháin má fhaigheann tú cead uainn nó má tá tú ceadaithe de réir an dlí déanamh amhlaidh ar chúis eile. Ní bhronnann na Téarmaí Seirbhíse seo an ceart ort aon bhrandáil ná lógónna arna n-úsáid inár Seirbhís a úsáid.
d. Cloífidh tú le haon téarma agus coinníoll infheidhme a bhaineann le promóisin nó cóid speisialta, a d'fhéadfadh a bheith i bhfógra maidir leis an bpromóisean/cód nó i rannán "Cabhair" nó "Ceisteanna Coitianta" san Aip.
9. Athruithe ar Théarmaí agus Coinníollacha na Seirbhíse. Seans go gcuirfidh Wing le Téarmaí agus Coinníollacha na Seirbhíse, go scriosfaidh iad nó go mionathróidh iad am ar bith Cuirfear ar an eolas thú maidir le haon athrú ar Théarmaí agus Coinníollacha na Seirbhíse agus tabharfar an deis duit aontú leis na Téarmaí agus Coinníollacha Seirbhíse mionathraithe. Mura mian leat aontú leis na Téarmaí agus Coinníollacha Seirbhíse mionathraithe, déanfar do rannpháirtíocht sa tSeirbhís a fhoirceannadh. Má mheastar go bhfuil aon athrú ar na Téarmaí agus Coinníollacha Seirbhíse neamhbhailí, ar neamhní nó, ar chúis ar bith, dofheidhmithe, measfar an t-athrú sin a bheith inscartha agus ní bheidh feidhm aige sin ar bhailíocht ná ar in-fhorfheidhmitheacht aon athruithe eile.
10. Cumarsáidí Leictreonacha. Bíonn tú ag déanamh cumarsáide le Wing go leictreonach nuair a úsáideann tú an Aip nó nuair a sheolann tú ríomhphost chuig Wing. Aontaíonn tú go sásaíonn gach aontú, fógra agus faisnéisiú agus cumarsáidí eile a sholáthraímid duit go leictreonach aon riachtanas dlí gur i scríbhinn a bheidh cumarsáidí den chineál sin.
11. Fógraí. Seans go ndéanfaidh Wing fógraí a sholáthar duit de réir mar a éilíonn an dlí nó chun críocha margaíochta nó cúiseanna eile trí (dá rogha féin) ríomhphost chuig an bpríomhsheoladh ríomhphoist a bhaineann le do chuntas Wing, trí chóip chrua, nó trí fhógra den chineál a phostáil ar an Aip. Ní sheolfar ríomhphoist mhargaíochta ná SMSanna ach amháin má thug tú do thoiliú teachtaireachtaí den chineál sin a fháil. Níl Wing freagrach as aon scagadh uathoibríoch a d'fhéadfá nó a d'fhéadfadh do sholáthraí líonra a chur i bhfeidhm ar fhógraí ríomhphoist.
12. Force Majeure. Ní bheidh Wing faoi dhliteanas ná freagrach as aon teip chun aon cheann dár n-oibleagáidí faoi chonradh a dhéanamh, ná as moill ar dhéanamh oibleagáidí den sórt sin, a eascraíonn as gníomh nó cás nach bhfuil smacht againn air le réasún, lena n-áirítear, gan teorannú, foichí Dé, stailceanna, frithdhúntaí nó gníomhaíocht thionsclaíoch eile arna ndéanamh ag tríú páirtithe, círéib shibhialta, círéib, ionsaí sceimhlitheoireachta, cogadh, tine, pléascadh, stoirm, tuile, crith talún, eipidéim nó tubaiste nádúrtha eile, teip líonraí teileachumarsáide poiblí nó príobháideacha, nó iarnróid, longa, aerárthaí, iompair mótair nó modhanna eile iompair, bídís poiblí nó príobháideach, a bheith do-úsáidte.
13. Cearta Dílsithe. Admhaíonn tú agus aontaíonn tú gur le Wing (nó ceadúnóirí Wing) gach ceart dlí, teideal agus leas sa tSeirbhís agus don tSeirbhís, lena n-áirítear aon cheart maoine intleachtúla atá ann fós sa tSeirbhís (cé acu atá na cearta sin cláraithe nó nach bhfuil, agus pé áit ar domhan arb ann do na cearta sin).
14. Inscoiteacht. Má éiríonn aon chuid de na Téarmaí Seirbhíse mídhleathach, neamhbhailí, dofheidhmithe nó coiscthe i ndáil ar bith leis an dlí nó rialachán infheidhme, measfar nach mar chuid den chonradh eadrainn aon fhoráil den chineál sin nó cuid di. Beidh lánfheidhm agus lánéifeacht ag dlíthiúlacht, bailíocht agus cur i bhfeidhm na gcodanna eile de na Téarmaí Seirbhíse.
15. Marthanacht. Mairfidh na hoibleagáidí i Rannáin 5, 6, 7.g., agus 8 go dtí 15 aon dul in éag nó foirceannadh i ndáil leis na Téarmaí Seirbhíse seo.
16. Tarscaoileadh. Má theipeann orainn nó má chuirimid moill le haon cheann de na Téarmaí Seirbhíse sin a chur i bhfeidhm, ní hionann sin agus tarscaoileadh ár gceart i do choinne agus ní bheidh feidhm aige ar ár gceart chun comhlíonadh na gceart sin a éileamh amach anseo.
17. Dlí Rialála agus Limistéar Údaráis. Rialaíonn an dlí atá infheidhme in Éirinn na Téarmaí agus Coinníollacha Seirbhíse seo. Géilleann gach páirtí go do-athraithe agus gan choinníoll do limistéar údaráis eisiach chúirteanna na hÉireann. Ar son na soiléireachta, tá sé de cheart agat i gcónaí mar thomhaltóir gníomh dlí a dhéanamh i do chúirt dúiche áitiúil. Tá sé de cheart agat chomh maith díospóid a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo: http://www.ccpc.ie) nó comhlacht cosúil (amhail an t-ardán Eorpach um Réiteach Díospóidí ar Líne atá ar fáil anseo: https://ec.europa.eu/consumers/odr/main/index.cfm?event=main.home2.show&lng=EN).